← An Baol a Bhaineann le Cogaíocht 🔊
← Chun é a rá go neamhbhalbh mar phointe tosaithe is iad fonn cumhachta agus saint an dá haintréith a chruthaíonn naimhdeas, scliúchas agus cogaíocht. 🔊
← Féachann sé gur cuid de dhúchas an duine daonna iad seo cé go mbíonn drogall orainn a admháil go bhfuil na tréithe déistineacha seo lonnaithe inár n-anam féin. 🔊
← Deirim go bhfuil siad dúchasach don duine daonna mar go raibh cogaíocht ar siúl ó thús aimsire, treibh in aghaidh treibhe, coilíneach in aghaidh dúchasaigh, náisiún in aghaidh náisiúin, an domhan thoir in aghaidh an domhain thiar. 🔊
← Is ag an staid scanrúil deireanach seo atáimid faoi láthair agus an chuma air gur in olcas atá an scéal ag dul. 🔊
← Níl an sampla níos fearr againn de cheannaire nó deachtóir atá santach, grágach, fuilteach, ná Vladimir Putin na Rúise. 🔊
← Bhagair sé an lámh láidir ar a chomharsa, nó b'in é mar a b'fhacthas dó sin é, agus rinne sé beart de réir a bhriathair nuair a d'ionsaigh sé an Ucráin gan bhuíochas d'éinne. 🔊
← Cén dochar dó má chailleann sé cúig mhíle saighdiúr anseo agus trí mhíle ansiúd a fhad is a chailleann an taobh eile níos mó ná sin? 🔊
← Tá sé ar nós cluiche aige nuair is cuma cén scór a fhaigheann an fhoireann eile a fhad is a bhíonn an scór aige siúd níos airde ná iad. 🔊
← Is cuma leis cad a thiteann amach mar thoradh ar an ionsaí a rinne sé - infreastruchtúir agus árais na ndaoine a bheith scriosta, daoine ag imeacht leo mar theifigh, teaghlaigh bhriste agus dilleachtaí gan dóchas. 🔊
← Bhí sé ag iarraidh go gcuirfí a ainm i measc ceannairí móra na Rúise, go gcuirfeadh sé Aontas na Sóivéide mar fhórsa láidir míleata ar stáitse an domhain. 🔊
← Tá an baol ann go dtitfidh an tSín isteach mar chomhghuaillí leis an Rúis. 🔊
← Má tharlaíonn sé sin beidh siad ag iarraidh go leor tíortha eile a chur faoi chois ach ní bheidh na Stáit Aontaithe ná an tIarthar go ginearálta sásta glacadh leis sin. 🔊
← Más mar sin a thiteann sé amach beimid ag stánadh idir an dá shúil ar an tríú cogadh domhanda. 🔊
← An difríocht is mó a bheadh idir cogadh domhanda nua- aimseartha seo agus an dá cheann a chuaigh roimhe ná an cumhacht núicléach atá anois ann i gcomparáid leis an gcumhacht a bhí ann in aimsir an dara cogadh domhanda. 🔊
← Tá sé de chumas ag an gcine daonna anois an domhan a scriosadh agus a bhfuil ann a mharú in aon iarracht amháin. 🔊
← Cé gur úsáid na Stáit Aontaithe buamaí núicléacha in Hiroshima agus Nagasaki ag deireadh an dara cogadh domhanda agus cé gur mharaigh siad suas le ceathrú milliún duine, ba bheag sin i gcomparáid leis an gcumas agus leis an gcumhacht atá ar fáil i láthair na huaire. 🔊
← D'fhéadfaí an domhan a chur i riocht nach gcothódh sé aon rud beo - ainmhí ná planda - le cnaipe nó dhó a bhrú. 🔊
← Tá daoine a rá, nach bhfuil an baol céanna ann toisc go bhfuil cothromaíocht idir an chumhacht atá ag na fórsaí éagsúla domhanda. 🔊
← Ní bheadh aon cheannaire sásta dul sa seans le buama núicléach, dar leo, mar go bhfillfeadh an feall air nó uirthi féin láithreach bonn. 🔊
← Ar ndóigh, tá ciall áirithe leis an tuairim seo agus gach seans gurb é seo an chúis go bhfuilimid tar éis teacht slán go dtí seo. 🔊
← É sin ráite, ní thógfadh sé ach gealt amháin leis an gcumhacht chuí, nó botún amháin go deimhin, chun an saol a thabhairt go deireadh ré. 🔊